I dtús báire, ba mhaith liom a rá leis an Teachta go dtagann sé le polasaí mo Roinne soláthar a dhéanamh d'oideachas trí Ghaeilge nuair a bhíonn dóthain éilimh air, go háirithe ó thaobh líon na mac léinn de.
Faoi láthair, tá dhá mheánscoil ag freastal ar riachtanais thuaisceart Bhaile Átha Cliath le haghaidh meánoideachais trí Ghaeilge. Is iad an dá scoil san ná, Scoil Chaitríona, Bhóthar Móibhí, agus Coláiste Mhuire, Cearnóg Pharnell.
Fuarthas iarratas i mo Roinn ó ghrúpa ó cheantar a taobh thoir thuaidh den chathair, "An Fochoiste Meánoideachais", i dtaca le Coiste Ghairmoideachais Bhaile Átha Cliath, ag iarraidh meánscoil lán-Ghaeilge chun freastal ar riacht-anais an cheantair.
Tá an t-iarratas seo scrúdaithe sa Rannóg Phleanála dem' Roinn, i bhfianaise an fháis atá tagtha le blianta beaga anuas ar líon na ngaelscoileanna i dtuaisceart na cathrach agus cumas na scoileanna lán-Ghaeilge dara leibhéal atá ann i láthair na huaire chun freastal ar an éileamh. Dealraíonn sé go mbeidh gá le soláthar breise chun freastal ar an éileamh a meastar a bheidh sa cheantar seo ins na blianta romhainn.
Is í an cheist is mó atá le réiteach sa chás seo ná conas is fearr cóiríocht oiriúnach a chur ar fáil. Tá suíomh aimsithe ag an "bhFochoiste" taobh le Scoil Neasáin, Meastar, áfach, nach mbeadh an suíomh seo, a bhfuil 1.2 acra ann, oiriúnach ó thaobh fairsinge de le haghaidh scoil dara leibhéal sa ghearrthéarma nó sa bhfadtéarma. Freisin, tá farasbarr cóiríochta i scoileanna iarbhunoideachais eile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath faoi láthair agus tá sé de dhualgas ar mo Roinn féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as an gcóiríocht seo sular féidir foirgneamh nua a sholáthar.