Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Oct 1998

Vol. 495 No. 3

Written Answers. - Bord na Gaeilge.

Enda Kenny

Question:

13 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar bhuail sí le Bord na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19679/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 11 den 11 Márta. Mar a dúirt mé san fhreagra sin bhuail mé le Bord na Gaeilge cúpla uair chun plé a dhéanamh ar réimse leathan ábhar i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge agus páirt an bhoird san obair sin. Ar ndóigh, bíonn oifigigh mo Roinne i dteagmháil rialta leis an mbord.

Top
Share