Ar maidin an 18 Lúnasa 1999, bhí héalacaptar Alouette 111 i mbun traenáil chuardaigh agus sábhála I gCuan Baile Átha Cliath ó dheas de Bhinn Éadair agus taobh shoir de Theach na gColúr. Is é an saghas traenáil a bhí ar bun ar an lá sin ná "tarraingt le hunlas dhruma fliuch". Cuirtear druma mór atá déanta le snámh cruinn díreach san uisce agus atá curtha le chéile le fáinne miotail chun ligean dó crochadh as an gcábla unlais, é a ísliu agus a thabhairt ar ais as an uisce. Is é cuspóir an chleachtaidh ná an t-oibritheoir a threanáil i dteicníocht unlais.
Ar an lá i dtrácht, tar éis an druma a ligean san uisce, thug an criú héalacaptar faoi deara go mb'fhéidir go raibh fadhb theicniúil i gceist. D'eitil siad go dtí an trá be ghaire ós comhair Cluain Tarbh, áit ar thúirling siad agus rinne siad scrúdú súl ar an aerárthach. Nuair a fuarthas nach raibh aon fhadhb theicniúil i gceist, leanadh leis an traenáil, agus tarraingeadh an druma ar bórd le hunlas agus d'fhill an t-aerárthach go dtí Aeradróm Mhic Easmainn bealach Dhún Laoghaire.