Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Written Answers. - Meastachán na Roinne.

Pádraic McCormack

Question:

20 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ós rud é go bhfuil méadú de 27 faoin gcéad, beagnach £5 milliún, i mírcheann sa mheastachán don bhliain 2000, an bhfuil sí in ann na fomhíreanna a léiriú agus comparáid a dhéanamh le meastachán 1999. [23713/99]

Glacaim leis gur Fomhír W de Vóta mo Roinn-se atá i gceist ag an Teachta.

Tá idir chaiteachas caipitil agus caiteachas reatha ar thionscnaimh oileánda i gceist san soláthar airgid atá curtha ar fáil faoi Fomhír W (Oileáin). Tá méadú san soláthar do chaiteachas caipitil ó £2.75 milliún, do 1999 go £3.8 milliún, don bhliain 2000 ach is í an tsuim chéanna, i.e., £1.2 milliún atá curtha ar fáil do chaiteachas reatha don dá bhliain.

Top
Share