Cé go dtaispeánann Leabhar na Meastachán laghdú i gCiste na Gaeilge ní mar sin atá an scéal maidir le maoiniú tionscadal Gaeilge mar a mhíneoidh mé. I bhfírinne is méadú atá ann do na tionscadail sin. Shocraigh mé ar mhaithe le dea-riarachán go ndéanfaí tionscadail Ghaeilge Ghaeltachta a bhí á maoiniú as Ciste na Gaeilge a mhaoiniú as Fo-mhírcheann F (Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta) ó 1 Eanáir 2000. Mar sin aistríodh suim airgid iomchuí a bhaineann leis na tionscadail sin ó Chiste na Gaeilge chuig Fo-mhírcheann F. Chomh maith leis sin beidh roinnt Eagras Deonach Gaeilge atá á maoiniú as Ciste na Gaeilge á maoiniú ag an bhForas Teanga Thuaidh-Theas agus aistríodh suim airgid chun na críche sin ó Chiste na Gaeilge go dtí an bhFo-mhírcheann don Fhoras Teanga (J.2).
Sa bhliain 1999 bhí soláthar iomlán de £9.9 million i Vóta mo Roinne idir Ciste na Gaeilge, Bord na Gaeilge agus scéimeanna cultúrtha agus sóisialta: sa bhliain 2000 is é £10.99 million a chothrom d'fhigiúr.