Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Written Answers. - Bille Comhionannais Teanga.

Question:

22 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon obair déanta go fóill ar Bhille comhionannais teanga; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23706/99]

Tá tús curtha leis an obair ullmhúcháin i dtaca leis an mBille Comhionannais Teanga ar a n-áirítear plé faoi mo réamhmholtaí i dtaobh na ceiste ag an gCoiste Idir-Ranna do na hOileáin, don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Tá comhairle faighte agam ón Ard-Aighne maidir leis na ceisteanna bunreachtúla agus dlí atá sa treis maidir le reachtaíocht den chineál sin agus tá an chomhairle sin á breithniú faoi láthair. Tá ar intinn agam cead foirmiúil an Rialtais a lorg go luath san athbhliain dá bhfuil i gceist agam maidir le scóip agus forálacha an Bhille agus chun ceannteidil an Bhille a dhréachtú. Ní miste a rá freisin go bhfuil gealltanas sonrach tugtha san Athbhreithniú ar Chlár an Rialtais a foilsíodh le déanaí go reachtálafar Acht Comhionannais Teanga.

Top
Share