Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Written Answers. - Aitheantas don Ghaeltacht.

Trevor Sargent

Question:

38 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an féidir leis an Rialtas aitheantas a thabhairt don Ghaeltacht mar réigiún Eorpach; agus conas is féidir aitheantas mar seo a bhaint amach. [23736/99]

Mar is eol don Teachta tá an tír deighilte i ndá réigiún chun críocha Cistí Struchtúrtha an Aontais Eorpaigh, sé sin, réigiún an deiscirt agus an oirthir agus réigiún na teorainne, lár na tíre agus an larthair. Tá limistéir Ghaeltachta sa dá réigiún. Níl an Ghaeltacht áirithe mar Réigiún ar leith agus ní thig leis an Rialtas é sin a dhéanamh as a stuaim féin.

Top
Share