Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Feb 2000

Vol. 513 No. 3

Written Answers. - Teorainn na Gaeltachta.

Proinsias De Rossa

Question:

92 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun chinn atá déanta aici mar gheall ar theorainn na Gaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2342/00]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 21 den 7 Deireadh Fómhair 1999.

Anuas air sin mar atá fógraithe agam le déanaí tá i gceist go molfaí don Rialtas go mbunófaí coimisiún chun moltaí a dhéanamh faoi na bealaí gur féidir an Ghaeilge a láidriú mar ghnáth-theanga an phobail sa Ghaeltacht. Cuimseoidh dréacht-théarmaí tagartha an choimisiúin go ndéanfaidh an coimisiún moltaí i dtaca le teorainneacha na limistéar Gaeltachta.

Top
Share