Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Oct 2000

Vol. 523 No. 5

Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Dinny McGinley

Question:

243 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an líon iarratas ar dheontais do bhóithre áise a fuarthas ina Roinn ó gach contae ó tháinig a rialtas in oifig; agus an líon acu a ceadaíodh go dtí seo. [21509/00]

Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta leis seo i bhfoirm tábla.

Contae

Líon iarratais

Líon bóithreceadaithe

Dún na nGall

787

136

Maigh Eo

289

46

Gaillimh

626

82

Ciarraí

292

43

Corcaigh

42

18

Port Láirge

18

11

An Mhí

5

1

Maidir le líon na n-iarratas ní miste a rá:
gur minic a thagann níos mó ná iarratas amháin chun mo Roinne – go minic ó dhaoine difriúla – i leith an bhóthair céanna; go bhfuil roinnt mhaith iarratais nach bhfuil incháilithe faoi choinníollacha na scéime; go gclúdaíonn an fhigiúir thuas iarratais faoin Scéim ó na h-Oileáin Ghaeltachta. Mar atá mínithe agam i bhfreagra ar Cheist Dála eile inniu nUimh (21512/00) – tá socraithe agam, go n-íocfaí deontais i leith bóithre áise agus bóithre chontae ar na hoileáin Ghaeltachta, (agus ar na hoileáin nach oileáin Ghaeltachta iad) as an soláthar airgid atá ar fáil dom agam i gcomhair forbairt na n-oileán.
Déantar na bóithre a roghnú de réir ord tosaíochta bunaithe ar riachtanais. Tá dá bharr líon mór de na cásanna is prainní ceadaithe le 3 bliana anuas ó glacadh le hiarratais faoin scéim seo i 1998 ar a bhfuil na liostaí thuas bunaithe.
Top
Share