Sa gnáth tslí, nuair a bronntar aitheantas buan ar scoil, scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, is féidir leis an scoil sin iarratas ar chóiríocht buan a chur chun mo Roinne.
Bronnadh aitheantas buan ar Ghaelscoil na Cruaiche i mí Bealtaine seo chaite agus, faoi láthair, tá riachtainisí cóiríochta fad-téarmacha na scoile á mheas i mo Roinn. Chomh luath agus atá an próiséas seo críochnuithe, déanfar ceist suíomh buan don gaelscoil a iniúchadh.
Ní mór a thuiscint, áfach, go mbraitheann soláthar cóiríochta i ngach cás ar na srianta ar chiste chaipitil mo Roinne agus ar an éileamh ó scoileanna eile ar chóiríocht nua.