Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 May 2001

Vol. 537 No. 2

Written Answers. - Foras na Gaeilge.

Proinsias De Rossa

Question:

52 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon taighde déanta go fóill ag Foras na Gaeilge i dtaca leis an nGaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15792/01]

Faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, tá cúram taighde i dtaca leis an nGaeilge leagtha ar Fhoras na Gaeilge den Fhoras Teanga.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge: go ndearna siad coimisiúnú ag deireadh na bliana seo caite ar shuirbhé ar dhearcadh, chumas agus úsáid na Gaeilge Thuaidh agus Theas; gur cuireadh críoch leis an mbun-anailís ar an eolas sin i mí Márta 2001, go bhfuil anailís níos iomláine agus níos críochnúla ar bun faoi láthair; agus go bhfoilseofar torthaí na hanailíse sin. Beidh an t-eolas ón suirbhé seo úsáideach don fhoras i bhforbairt straitéisí agus cláir oibre oiriúnacha do chur chun cinn na Gaeilge thuaidh agus theas; go ndearna Ionad Taighde na hEolaíochta Comhdhaonnaí, Coláiste na hOllscoile, BÁC, ar choimisiún ón bhForas, taighde dar teideal, Torthaí Gaeilge na Scrúdaithe Teistiméireachta. Cuireadh torthaí an taighde sin chuig an Aire Oideachais agus Eolaíochta; go ndearnadh, i gcomhar leis an gCoimisiún Neamhspleách um Raidió agus Teilifís, taighde ar ionad na Gaeilge sa chóras raidió neamhspléach. Tá coiste comhdhéanta d'ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ón gCoimisiún Neamhspléach um Raidió agus Teilifís bunaithe chun na moltaí a thabhairt ar aghaidh.

Tá obair ar bun ag an bhforas chun clár taighde agus bailiú eolais a fhorbairt i réimsí ar nós pleanáil stádas, pleanáil corpus, an tsochtheangeolaíocht, an t-oideachas, margaíocht, na healaíona, léitheoireacht na Gaeilge, riachtanais na hóige agus tá socruithe á ndéanamh chun leanúint den mhonatóireacht ar fheidhmiú pholasaí dátheangach an Stáit san earnáil phoiblí.

Top
Share