Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Jun 2002

Vol. 553 No. 6

Written Answers. - Schools Building Projects.

Trevor Sargent

Question:

143 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an nglacann sé leis go bhfuil sé práinneach foirgneamh nua a thógáil do Scoil an Duinnínigh i gCionn Sáile, Sord Cholm Cille, Contae Bhaile Átha Cliath, agus cathain a thógfar an foirgneamh. [14586/02]

Trevor Sargent

Question:

160 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a thabharfaidh sé foirgneamh buan do Scoil an Duinnínigh, Melrose, Cionn Sáile, Contae Átha Cliath, mar tá na botháir shealadacha i ndrochchaoi faoin am seo go mór mór san aimsir fhliuch. [14880/02]

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 143 agus Uimh. 160 le chéile.

Tá clár fairsing tógála bunscoileanna ar siúl faoi láthair agus áirítear sa chlár sin líon mór tionscnamh a bhfuil céimeanna éagsúla curtha i gcrích cheana féin sa phleanáil ailtireachta. Déantar cinneadh ar thionscnaimh sa bhreis a thabhairt ar aghaidh chuig phleanáil ailtireachta i láthair an dáileadh bliantúil a chuirtear i láthair do thionscnaimh chaipitil, na dualgais a bheidh le comhlíonadh agus an túsaíocht nach mór a thabhairt do thionscnaimh ar leith. Tá an clár don bhliain 2002 ag dul ar aghaidh go maith agus tá fógra faighte ag na scoileanna cuí.

Níos déanaí sa bhliain seo, nuair a bheidh an dáileadh airgeadais don chlár tógála bhunscoileanna curtha in iúl sna meastacháin don bhliain 2003, beidh clár cuimsitheach oibre sa bhreis i gceist agam agus de thoradh sin rachaidh líon eile fós de thionscnaimh chuig pleanáil ailtireachta. Cuirfear na riachtanais a bhaineann le Scoil an Duinnínigh ar leith san áireamh ag an am sin.

Tá sé ar intinn agam na gnéithe a bhaineann le oibriú an chlár tógála bunscoileanna a bheith trédhearcach níos mó agus tá sé in aigne agam clár bliantúil a fhoilsiú. Ba mhaith liom, freisin, toise ilbhliantúil a bheith sa chlár foilsithe i dtreo is go mbeidh tuairim de shaghas éigin ag scoileanna ar an tráthchlár a bhaineann lena gcuid tionscnamh.

Top
Share