Eamon Gilmore
Question:259 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i ndán ardú deontais a thabhairt do mhná tí atá ag cur lóistín ar fáil do mhic léinn i gcoláistí Gaeilge. [14988/02]
Vol. 553 No. 6
259 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i ndán ardú deontais a thabhairt do mhná tí atá ag cur lóistín ar fáil do mhic léinn i gcoláistí Gaeilge. [14988/02]
Ní bheidh ardú ar an deontas a íoctar faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i gceist i mbliana. Méadaíodh an deontas laethúil a íoctar faoin scéim i 1998, 2000 agus 2001 – méadú 37.5% ar fad.
Aithním go rí-mhaith an obair thábhachtach atá á dhéanamh ag na teaghlaigh Gaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas. Aithním freisin tábhacht na scéime seo don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus tá sé i gceist agam gach tacaíocht is féidir a chur ar fáil le go dtiocfaidh forbairt chuí ar an scéim seo le linn tréimhse an Rialtais.