Tá pobal na hÉireann dobrónach faoi bhás an Chairdinéil Seán Daltún, a adhlacadh inniu in Ard Macha. Ba shárdhuine é a raibh modh agus meas air, ní amháin ina thír féin ach i dtíortha eile ar fud an domhain. Is mór ar fad an caillteanas don Eaglais agus don náisiún é.
I mbun a chúraim dó mar Uachtarán ar Choláiste Mhánuat, mar Easpag na Mí, mar Ardeaspag Ard Macha, agus mar Phríomháidh Éireann Uile, chruthaigh sé go raibh séar dhuine de na daoine ba dhearscna dá raibh riamh againn san Eaglais anseo in Éirinn.
Thuill an Cairdinéal Daltún barr measa ó gach aicme creidimh agus ó gach dream mar gheall ar a léann, a mheanma uasal, a chneastacht, agus a umhlaíocht, agus ar a mhéad ba chúram leis gach uile ghné de leas an phobail.
Chuir sé go tréan in aghaidh an leatroim i ngach uile áit, ba chrann taca é don tsíocháin ar fud an domhain, agus sheas sé go láidir ar thaobh aontacht na hÉireann.
Bhí sé bródúil as an nGaeilge agus labhair sé sa teanga sin ar mhórán ócáidí mórthábhachta poiblí; ócáid shuntasach ar leith ab ea an tráth a chraol sé teachtaireacht ón Róimh chun pobal na hÉireann ar é a ardú go gradam Cairdinéil.
Léirigh sé a mhórmhisneach ag broic le heasláinte, agus a dhíograis ag comhlíonadh a ardoifige, nuair a d'fhreastail sé le déanaí ar chomhairle na Vatacáine sa Róimh, agus arís nuair a chuaigh sé go Londain le bheith ar shochraid an Chairdinéil Godfrey an tseachtain seo caite.
Gan aon agó, ba é "urra onóra agus glóire Éire na gCaitliceach" é mar a dúirt an Pápa Pius XII ina thaobh. Go méadaí Dia a ghlóire sna Flaithis.
Iarraim ort, a Chathaoirligh, thar ceann an tSeanaid, ár gcomhbhrón a chur i bhfios do chléir agus pobal Arddeoise Ard Macha, agus dá ghaolta féin.