Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 1975

Vol. 79 No. 6

Offices of Parliamentar y Secretaries: Statement.

Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 11 Feabra, 1975 ó Rúnaí Roinn an Taoisigh á rá:

(1) go bhfuil an Teachta Seán Ó Ceallaigh, Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, tar éis eirí as oifig mar Rúnaí Parlaiminte an Aire Cosanta agus go bhfuil sé ceaptha chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Gnóthaí Eachtracha;

(2) go bhfuil an Teachta Micheál Ó Beaglaoi, Rúnaí Parlaiminte an Aire Rialtais Áitiúil, ceaptha chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Cosanta; agus

(3) go bhfuil an Teachta John Bruton, Rúnaí Parlaiminte an Aire Oideachais, ceaptha chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Tionscail agus Tráchtála.

Tá treoracha tugtha agam cóip den litir sin a leagan amach in extenso ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. De dhroim an chraolta seo, clófar í freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

Top
Share