Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta: Teachtaireacht ón Dáil.
Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—
(i) Go dtugann Dáil Éireann, mar gur léir di gur gá leanacht le tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus lena bhforbairt agus gur cás léi an phoiblíocht le gairid faoi oibriú Údarás na Gaeltachta, treoir leis seo don Chomhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta, scrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne agus moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú Údarás na Gaeltachta.
(ii) Leasaítear leis seo mír (8) den Ordú ó Dháil Éireann, an 30 Meitheamh, 1982, i ndáil leis an gComhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta trí na focail "faoin Ordú seo" a scriosadh.