Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 105 agus 143 le chéile.
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 187, 188, 189, 190 agus 191 ar 7 Aibreán 2004 maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Mar a cuireadh in iúl sa fhreagra sin, agus mar a dúirt mé arís le linn na díospóireachta le déanaí sa Teach faoin gceist, tá grúpa oibre bunaithe ag an Rialtas chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Bhí ceithre chruinniú ard-leibhéil ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo agus beidh cruinniú amháin eile acu chun an obair a chríochnú go luath.
Táim lán-sásta go bhfuil dul chun cinn fiúntach á dhéanamh ag an ngrúpa oibre agus go mbeifear in ann dul thar n-ais chuig an Rialtas le moltaí dea-bhreithnithe sar i bhfad. Níl sé i gceist agam, mar sin, a thuilleadh a rá faoi na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ar an obair seo go léir go dtí go mbeidh tuairisc réitithe ag an ngrúpa oibre agus scrúdú iomlán déanta uirthi. Ach ba chóir go mbeidh daoine lán-cinnte go bhfuilimid go hiomlán dáiríre faoin gceist seo agus go ndéanfar cinneadh a chabhróidh le leas na Gaeilge a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear.