Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 October 2005

Tuesday, 25 October 2005

Questions (375)

Dinny McGinley

Question:

443 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá á nglacadh sna Ranna éagsúla chun a chinntiú go mbeidh siad ábalta seirbhís trí Ghaeilge a thabhairt don phobal de réir fhorálacha an Achta Teanga. [30730/05]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, feidhmíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dhá bhealach. I dtosach báire, tá forálacha ar leith a bhaineann go díreach le gach eagras poiblí. Chomh maith leis sin, tá forálacha ann maidir le scéimeanna reachtúla a chaithfidh gach comhlacht poiblí, ar iarratas uaimse mar Aire a ullmhú agus a aontú. I dtaca leis na scéimeanna de, ní miste a lua go bhfuil suas le 20 scéim daingnithe agam go dáta. Tá cur chuige réadúil agus praiticiúil glactha sna cásanna sin d'fhonn soláthar níos fearr de sheirbhísí trí Ghaeilge a sheachadadh, ag tógáil san áireamh cumas na n-eagras poiblí ó thaobh na n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil dóibh. Leagtar béim ar leith sna scéimeanna ar a thábhachtaí is atá sé cumas Gaeilge na mball foirne a fheabhsú trí oiliúint agus sainchúrsaí cuí a chur ar fáil dóibh.

Sa chomhthéacs sin, ní mór dom a rá go bhfuil mo Roinnse ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, An Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéal chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí atá dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm an Achta, ar a n-áirítear córas dearbhúcháin do cháilíochtaí i seirbhísí aistriúcháin, córas creidiúnaithe d'oiliúint Ghaeilge, sainchúrsaí oiliúna Gaeilge, agus bunachar sonraí leictreonach de chomharthaí caighdeánacha. Bhí áthas orm an céad comhartha de thoradh dearfach na hoibre sin a aithint le déanaí nuair a sheol mé dhá sainchúrsa atá forbartha ag An Foras Riaracháin.

Mar atá mínithe go minic agam cheana féin, cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ar bhonn céimiúil, i gcomhréir leis an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí ar leith agus de réir mar a thiocfaidh feabhas ar chumas na hearnála poiblí seirbhísí a seachadadh trí mheán na Gaeilge thar tréimhse ama. Mar chuid lárnach den phróiseas forbartha sin, caithfear béim nach beag a leagan ní amháin ar an córas scolaíochta, ach ar dheiseanna a chruthú do dhaoine atá fostaithe cheana féin chun feabhas agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Top
Share