Skip to main content
Normal View

Forbairt Tionsclaíochta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 February 2009

Tuesday, 10 February 2009

Questions (355)

Kathleen Lynch

Question:

409 D’fhiafraigh Deputy Kathleen Lynch den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil dul chun cinn déanta maidir le hionaid tionsclaíochta a bhunú ar an bPáirc Gnó in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4754/09]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údárás na Gaeltachta gur ceannaíodh suíomh 2.2 acra i Mín na Coilleadh in aice le Mín an Bhealaigh, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall, le haghaidh tionscal a fhorbairt sa cheantar. Tá comhairleoir fostaithe ag Coiste Tionsclaíoch Ard an Rátha, le cúnamh ón Údarás, chun staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le forbairt an tsuímh sin.

Top
Share