Peadar Tóibín
Question:308 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén todhchaí atá i ndán d’Ealaíon na Gaeltachta; agus an bhfuil maoiniú deimhnithe le haghaidh na bliana seo [30181/11]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2011
308 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén todhchaí atá i ndán d’Ealaíon na Gaeltachta; agus an bhfuil maoiniú deimhnithe le haghaidh na bliana seo [30181/11]
View answerIs fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Ealaín (na Gaeltachta) Teo. a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta chun cinn i gceantair Ghaeltachta. Is é Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon a dhéanann an fhochuideachta a chómhaoiniú. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú iomlán de €820,000 curtha ar fáil d'Ealaín (na Gaeltachta) Teo. don bhliain 2011 ar bhunús 50/50 ón Údarás agus ón gComhairle Ealaíon. Beidh maoiniú na fochuideachta in 2012 ag brath ar an gciste iomlán a bheidh ar fáil don Údarás agus ar na socruithe cómhaoinithe a aontófar leis an gComhairle Ealaíon.