Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 January 2013

Wednesday, 16 January 2013

Questions (565)

Éamon Ó Cuív

Question:

565. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist freagracht maidir le bunstruchtúr agus fóirdheontais farantóireachta oileán a aistriú chuig na húdaráis áitiúla mar atá luaite i leathanach 39 den fhoilseachán Putting People First; cén plé a bhí ag a Roinn leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil faoin gceist go dáta [1198/13]

View answer

Written answers

Níl aon phlean ag mo Roinn faoi láthair chun an fhreagracht maidir le bunstruchtúr agus fóirdheontais farantóireachta oileán a aistriú chuig na húdaráis áitiúla. Cé go raibh teagmháil idir mo Roinn agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar an ábhar seo, níl aon mhion-phlé déanta ag na Ranna faoin gceist, rud a bheadh riachtanach sula ndéanfaí aon chinneadh sa chás.

Top
Share