Skip to main content
Normal View

Dualgais Reachtúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Questions (242)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

242. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cathain a chuirfidh sé dualgas reachtúil ar an gCeann Comhairimh seoltaí na n-ionad vótála a bheith as Gaeilge ar na cártaí vótála chomh maith leis na seoltaí Béarla a bhíonn ar na cártaí vótála leo féin don chuid is mó. [43477/13]

View answer

Written answers

Níl sé ar intinn agam dualgas reachtúil a chur ar Chinn Comhairimh seoltaí ionaid vótála a bheith as Gaeilge ar chártaí vótála. Tá leagan amach dhátheangach ar chártaí vótála agus is ceist é don Cheann Comhairimh seoladh cruinn aon ionad vótála a chur ar na cartaí sin.

Top
Share