Skip to main content
Normal View

Acht na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 January 2015

Tuesday, 20 January 2015

Questions (490)

Peadar Tóibín

Question:

490. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an ndearna Rialtas na hÉireann, mar a comhaontaíodh i gComhaontú Chill Rìmhinn, Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann a chur ar liosta tosaíochtaí Rialtas na hÉireann sna pléití a bhí ann idir na páirtithe ó thuaidh le déanaí; an dtacaíonn Rialtas na hÉireann le hAcht Gaeilge a chur ar fáil gan mhoill do phobal na Gaeilge ó thuaidh agus, má thacaíonn, an mbeidh sé sin ina dhlúthchuid d’ábhar na bpléití ó thuaidh sna seachtainí atá amach romhainn; an bhféadfadh sé tuairisc a thabhairt ar na bearta a dhéanfaidh Rialtas na hÉireann chun an tAcht Gaeilge sin a bhaint amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2541/15]

View answer

Written answers

Bhí Acht na Gaeilge mar chuid de dhoiciméad a leag an Rialtas faoi bhráid ó thús na bpléití agus bhí díoma orainn nach raibh tiomantas chun Acht na Gaeilge a achtú ag Westminster nó ag Tionól Thuaisceart Éireann, mar chuid den Aontas deireanach a rinneadh i dTeach Stormont ar an 23ú Nollaig 2014. In anneoin na gealltanais a rinneadh ag Cill Rímhinn chun Acht an Gaeilge a reachtáil, ní dhearna Rialtas na Breataine é seo roimh fhreagracht as an dteanga a dhéabhlóidiú go Tionól Thuaisceart Éireann in 2007. Tá Feidhmeannacht agus Tionól Thuaisceart Éireann anois freagrach as Acht na Gaeilge a reachtáil. Bhí sé soiléir i rith na bpléití le déanaí nach bhfuil an comhdhearcadh riachtanach san Fheidhmeannacht ó thaobh Acht na Gaeilge.

Ba mhaith liom dul chun cinn maidir leis an ábhar seo a fheiceáil i smaointeoireacht Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann. Agus dlús curtha thar n-ais chun Rialtas chomhpháirtaithe ag Comhaontú Stormont a chothú, bhéinn dóchasach go ndéanfar dul chun cinn ar an ábhar go luath sa tréimhse atá romhainn. Spreagfainn na páirtithe uilig a thacaíonn, i bprionsabal, le hAcht na Gaeilge do Thuaisceart na hÉireann, chun comhdhearcadh a chothú laistigh den Tionól chun Acht a reachtáil.

Cé nach raibh comhaontú i measc na bpáirtithe le linn na bpléití le déanaí, rinne Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann ráiteas tábahachtach i gComhaontú Theach Stormont faoin ghá atá ann chun meas agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Top
Share