Peadar Tóibín
Ceist:490. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an ndearna Rialtas na hÉireann, mar a comhaontaíodh i gComhaontú Chill Rìmhinn, Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann a chur ar liosta tosaíochtaí Rialtas na hÉireann sna pléití a bhí ann idir na páirtithe ó thuaidh le déanaí; an dtacaíonn Rialtas na hÉireann le hAcht Gaeilge a chur ar fáil gan mhoill do phobal na Gaeilge ó thuaidh agus, má thacaíonn, an mbeidh sé sin ina dhlúthchuid d’ábhar na bpléití ó thuaidh sna seachtainí atá amach romhainn; an bhféadfadh sé tuairisc a thabhairt ar na bearta a dhéanfaidh Rialtas na hÉireann chun an tAcht Gaeilge sin a bhaint amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2541/15]
Amharc ar fhreagra