Éamon Ó Cuív
Question:193. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an raibh cruinniú aige le hionadaithe ó phobal Inis Meáin maidir le forbairt na céibhe ar an oileán sin; cén áit a raibh an cruinniú sin; cén dáta a bhí an cruinniú ann; ar tógadh miontuairiscí den chruinniú; an bhfuil sé sásta miontuairiscí an chruinnithe a chur ar fáil; céard a dúirt sé leis an toscaireacht mar aisfhreagra ar an méid a d’inis an toscaireacht dó; cé na cinntí atá déanta ag éirí as an gcruinniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5405/16]
View answer