Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (193)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

193. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an raibh cruinniú aige le hionadaithe ó phobal Inis Meáin maidir le forbairt na céibhe ar an oileán sin; cén áit a raibh an cruinniú sin; cén dáta a bhí an cruinniú ann; ar tógadh miontuairiscí den chruinniú; an bhfuil sé sásta miontuairiscí an chruinnithe a chur ar fáil; céard a dúirt sé leis an toscaireacht mar aisfhreagra ar an méid a d’inis an toscaireacht dó; cé na cinntí atá déanta ag éirí as an gcruinniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5405/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bhí cruinniú agam ar 20 Eanáir 2016 sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le hionadaithe ó phobal Inis Meáin maidir le forbairt na céibhe ar an oileán sin. Níor tógadh miontuairiscí den chruinniú ach, mar atá a fhios agat is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Céibh an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin agus tá an Chomhairle freagrach as forbairt agus cothabháil na cé sin.

Barr
Roinn