Peadar Tóibín
Question:30. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Airgeadais cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30072/16]
View answerDáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016
30. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Airgeadais cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30072/16]
View answerNíl aon phost sa Roinn daingnithe mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.
Ní gnách leis an Roinn seirbhísí a chur ar fáil don phobal go díreach. Mar sin féin, sa chás go bhfuil gá le haistriúchán agus nach bhfuil ball foirne atá inniúil i nGaeilge ag Rannóga, nó nach bhfuil an duine sin ar fáil, cuirfidh ball foirne ainmnithe ó Rannóg eile seirbhís ar fáil nuair is gá.
Tabhair faoi deara go ndearnadh suirbhé Teanga and Cáilíochtaí le linn 2015 inar léiríodh go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag cúigear ball foirne. Is ionann sin agus thart ar 1.7% de líon foirne reatha na Roinne.