Skip to main content
Normal View

Maoiniú Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 September 2017

Thursday, 21 September 2017

Questions (189)

Éamon Ó Cuív

Question:

189. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an bhfuil iarratas déanta ag TG4 ar mhéadú ar an maoiniú a fhaigheann siad ón roinn don bhliain 2018; má tá, cad é an méid airgid atá iarrtha agus cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40006/17]

View answer

Written answers

Tá iarrtha ag TG4 a deontas i gcabhair do 2018 a mhéadú. Tá an t-iarratas fós á mheas mar chuid de phróiseas níos leithne a bhaineann le meastacháin bhuiséid na Roinne agus an Rialtais agus déanfear cinneadh ar aon dul leis an bpróiseas seo. Agus an próiseas seo ar siúl, bheadh sé neamhfhóirsteanach tuilleadh a rá ar an ábhar

Top
Share