Dáiltear an táille cheadúnais, de réir Alt 123 den Acht Craolacháin 2009, ar RTÉ agus ar TG4 chun cur i bhfeidhm a gcuspóirí seirbhíse poiblí, atá leagtha amach in Acht 2009 freisin, a éascú. Íocann An Post ioncaim na gceadúnas teilifíse a bhailítear ó dhíolacháin leis an Roinn agus íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí €53 milliún gach bliain i leith ceadúnais shaor in aisce teilifíse a eisítear. Ó na fáltais chomhlána seo, baineann an Roinn coimisiún, atá iníoctha leis An Post dá ról gníomhaireachta, as agus faigheann TG4 €4.245 milliún de faoi láthair.Ina theannta sin, téann 7% den ioncam go dtí an Ciste Craolacháin, atá á oibriú ag Údarás Craolacháin na hÉireann. Cuireann na scéimeanna a bunaíodh faoin gCiste seo maoiniú ar fáil chun tacú le cláir ardchaighdeáin ar chultúr, ar oidhreacht agus ar eispéireas na hÉireann, le cláir chun litearthacht daoine fásta a fheabhsú, agus le cartlannú ábhair ó chláir. Is féidir le léiritheoirí agus le craoltóirí neamhspleácha cur isteach ar ioncam ón gciste seo do thionscadail ar leith a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí.
Íoctar an t-airgead atá fágtha le RTÉ.