I propose to take Questions Nos. 256 to 258, inclusive, together.
I dtús báire ní miste dom a rá go mbíonn plé ar bhonn rialta ag Oifigigh mo Roinne agus go deimhin agam féin le hÚdarás na Gaeltachta maidir le réimsí éagsúla lena n-áirítear riachtanais chaipitil na heagraíochta.
Tuigim go maith go bhfuil sé mar sprioc straitéiseach ag Údarás na Gaeltachta a bhuiséad caipitil a mhéadú thar tréimhse ama go €12m in aghaidh na bliana. Ár ndóigh, mar is eol don Teachta, tá gealltanas tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go méadófar, ar bhonn céimiúil, allúntas bliantúil caipitil an Údaráis ó €7m go €12m. Déanfar cinneadh maidir le hamchlár an mhéadaithe seo agus na spriocanna fostaíochta a bhainfidh leis le linn an ghnáthphróisis meastacháin agus pleanála ghnó sna blianta atá amach romhainn. Tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid don Údarás don bhliain 2019 a mheas tríd an bpróiseas meastacháin agus cáinaisnéise níos déanaí i mbliana.
Maidir leis an gceist faoin méid airgid a chuir an tÚdarás Forbartha Tionscail nó Fiontraíocht Éireann ar fáil don Údarás, tá deimhnithe ag an eagraíocht nach gcuireann ceachtar don dá eagraíocht sin aon airgead ar fáil dóibh. Is amhlaidh, mar thoradh ar chomhoibriú agus socrú atá déanta ag Údarás na Gaeltachta le Fiontraíocht Éireann go bhfuil an tÚdarás ábalta tacaíochtaí agus scéimeanna áirithe a thairiscint dá chliantchomhlachtaí a bhíonn ar fáil do chomhlachtaí taobh amuigh den Ghaeltacht (mar shampla An Scéim Taighde & Forbartha). Sna cásanna seo, bíonn na deontais íoctha ag Údarás na Gaeltachta lena chuid cliant agus ansin faigheann an tÚdarás aisíocaíocht ó Fiontraíocht Éireann ina leith. Tá an méid airgid a bhain cliantchomhlachtaí an Údaráis tairbhe as faoi na scéimeanna sin i ngach bliain ó 2009 i leith leagtha amach sa tábla thíos.
Bliain
|
€
|
2009
|
1,862,176
|
2010
|
2,203,830
|
2011
|
3,520,607
|
2012
|
370,000
|
2013
|
1,447,255
|
2014
|
1,169,417
|
2015
|
0
|
2016
|
0
|
2017
|
684,985
|
2018 go dáta
|
0
|
Iomlán
|
€11,258,270
|