Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 October 2018

Tuesday, 23 October 2018

Questions (719)

Pat the Cope Gallagher

Question:

719. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici chun feabhas a chur ar Ché na Reannaí ag Athphort ar oileán Árainn Mhór; an dtabharfaidh sí sonraí maidir leis na pleananna chun an togra a thabhairt chun críche agus aon dul chun cinn atá déanta aici ón am deireanach a chuir mé an cheist seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43849/18]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá deontais éagsúla ceadaithe ag mo Roinn do Chomhairle Chontae Dhún na nGall thar na blianta, don togra luaite.  Tuigtear go bhfuil gá ceadúnas urthrá a fháil ina leith, nach bhfuil an ceadúnas sin faighte go fóill ag an gComhairle Chontae agus go bhfuil tuilleadh suirbhéanna le déanamh mar chuid den iarratas ar an gceadúnas.  Níl iarratas ar chúnamh faighte ag mo Roinn ón gComhairle maidir leis an togra.  Má fhaigheann mo Roinn a leithéid d’iarratas, déanfar é a mheas chomh báúil agus is féidir, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil d'fhorbairt na n-oileán agus na héilimh éagsúla ina dtaobh.  

Top
Share