Tá sé deimhnithe ag an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta go bhfuarthas achomharc ón té atá i gceist an 13 Iúil 2016. Tionóladh Éisteacht ó Bhéal an 23 Feabhra 2017. Chuir an tOifigeach um Achomhairc toradh a achomhairc in iúl don achomharcóir i litir chinnidh chuimsitheach a eisíodh an 22 Meitheamh 2017.
Fuair an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta iarratas ó mo Roinnse seo chun cinneadh an Oifigigh um Achomhairc a athbhreithniú an 26 Iúil 2017. Tugadh cuireadh don té atá ainmnithe breithniúcháin a chur ar aghaidh ar iarratas ó mo Roinnse agus fuair an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta a chuid breithniúchán i nDeireadh Fómhair 2017. Is éard atá i gceist le cinneadh an Oifigigh um Achomhairc a athbhreithniú ná a mheas cibé an ndearna an tOifigeach um Achomhairc botún ina chinneadh. Táthar ag déanamh gach iarracht an t-athbhreithniú seo a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.