Tugtar briseadh síos sa tábla thíos ar an méid airgid bhreise atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó bunaíodh an Rialtas seo:
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
€64.407m [1]
|
€60.602m
|
€62.595 [2]
|
€69.095
|
[1]San áireamh i bhfigiúr 2016, bhí allúntas aonuaire de €6m le h-íoc as forbairt chéanna farantóireachta ar na hoileáin. [2] Is é seo an figiúr a foilsíodh sna Meastacháin Athbhreithnithe i leith 2018. Cuirfear figiúr deimhnithe ar fáil sa Chuntas Leithreasaithe a bheidh iniúchta ag an C&AG.
Is ionann iomlán an mhaoinithe don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin don bhliain 2019 agus €55.772m. Nuair a chuirtear leithdháileadh an Fhorais Teanga san áireamh, is ionann an maoiniú iomlán agus €69.095m - méadú de €6.5m ar ar an allúntas don earnáil i Meastacháin Athbhreithnithe 2018. San áireamh i leithdháileadh 2019 tá:
- €0.6m sa bhreis chun tacú le cur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;
- €2.7m breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gurb é €9.7m an leithdháileadh iomlán caipitil don eagraíocht;
- Leithdháileadh breise de €1.18m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta;
- Leithdháileadh breise de €0.75m do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht chun scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna DEIS agus chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le gréasán d’Ionaid Ghaeilge agus Cultúir a fhorbairt ar fud na tíre;
- Leithdháileadh breise de €1m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr calafoirt a fhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh; agus,
- Leithdháileadh breise de €0.433m chun seirbhísí riachtanacha iompair a sholáthar chuig na hoileáin.
Tá an infheistíocht mhéadaithe seo don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin ag dul i bhfeidhm go mór ar phobail Ghaeltachta, go háirithe, mar go bhfuil an chuid is mó den leithdháileadh á tabhairt do chruthú post, forbairt pobail agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus, chomh maith leis sin, d’fhorbairt na gcalafort agus na seirbhísí iompair a bhaineann leis na hoileáin.
Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil maoiniú caipitil de €4.4m á chur ar fáil faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Gaillimh, Chiarraí agus Chorcaigh. Tá an maoiniú ceadaithe do thograí rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta mar seo a leanas:
- €1.5m ceadaithe chun an t-urlár bairr neamhfhorbartha de gteic @Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus 1,725 méadar cearnach de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil;
- €548,000 chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic @An Spidéal a fhorbairt i gConamara; agus,
- €795,000 chun 8 nIonad Nuálaíochta/Moil Dhigiteacha/Láthair Barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo ag áireamh Béal an Mhuirthead, An Eachléim, Ghaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh.
- €415,000 ceadaithe chun máistirphlean a réiteach d’athfhorbairt shean ospidéal an Daingin i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí mar Ionad Nuálaíochta, Ionad/Eispéireas Cuairteoirí, Spásanna Cruthaitheachta, foghlamtha agus foirgneamh a bheidh ina eiseamláir ó thaobh éifeachtacht fuinnimh.
- €292,500 chun tacú le dearadh do fhorbairt réimse áiseanna nua pobail, spóirt agus oideachais i mBaile an Fheirtéirigh i gCo. Chiarraí.
- €174,351 ceadaithe do fhorbairt tograí aitheanta i bPlean Gníomhaíochta Uíbh Ráthach i gCiarraí Theas a forbraíodh de réir gnímh sa bPlean Gnímh um Fhorbairt Tuaithe náisiúnta; Tacóidh an maoiniú le feidhmiú an phlean a mbeidh fostú Bainisteoir Tionscnaimh lárnach do fhorbairt tograí aitheanta.
- €180,000 ceadaithe chun máistirphlean a fhorbairt do Champas Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí a leagfaidh amach an cás eacnamaíochta, pleanála agus timpeallachta don fhoirgnimh agus na tailte mórthimpeall.
Ní miste a rá gur soláthar breise é seo d’Údarás na Gaeltachta anuas ar an soláthar méadaithe de €9.7m atá curtha ar fáil ag mo Roinn don eagraíocht do 2019.