Tá sé curtha in iúl dom go bhfuil 71 ball den fhoireann i mo Roinn ábalta seirbhís chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá mo Roinn tiomanta seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach do chustaiméirí na Roinne. Tacaíonn an Roinn le baill foirne atá ag iarraidh a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú beag beann ar a leibhéal líofachta - ó chúrsaí oiliúna do thosaitheoirí go dtí cúrsaí acadúla tríú leibhéal a dtacaítear leo faoi Scéim Aisíoc Táillí Acadúla na Roinne. Chomh maith leis sin cuirtear chun cinn go gníomhach an Teastas i nGaeilge Ghairmiúil, clár páirtaimseartha a chuireann Gaelchultúr ar fáil chun cuidiú le fostaithe san earnáil phoiblí leibhéal níos airde seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Tá suas le 20 ball foirne cláraithe ar chúrsaí Gaeilge go dtí seo i mbliana agus táthar ag súil go dtabharfaidh 19 eile faoi staidéar i dtéarma an Fhómhair.