Dáiltear ioncam ó cheadúnais teilifíse de réir Alt 123 den Acht Craolacháin 2009, ar RTÉ go príomha chun cur i bhfeidhm a chuspóirí seirbhíse poiblí, atá leagtha amach in Acht 2009 freisin, a éascú. An t-ioncam go léir ó cheadúnais teilifíse a bhailítear ó dhíolacháin dhíreacha, íocann An Post le mo Roinn é agus íocann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ranníocaíocht i leith ceadúnais teilifíse ‘saor in aisce’ a eisíonn an Roinn sin chucu siúd a bhaineann leas as an Scéim Sochar Teaghlaigh. As na hollfháltais seo, íocann mo Roinn coimisiún leis An Post i leith na ngníomhaíochtaí ceadúnas teilifíse a dtugann An Post fúthu ina ról mar ghníomhaire bailiúcháin. Ina theannta sin, íoctar 7% de na glanfháltais le hÚdarás Craolacháin na hÉireann as feidhmiú Scéim an Chiste Craolacháin. In 2018, fuair TG4 €4.245m ó ioncam ó cheadúnais teilifíse freisin ach tá an craoltóir maoinithe go hiomlán ón Státchiste anois. Íoctar an t-ioncam eile ar fad le RTÉ.
Taispeántar dáileadh an airgid in 2018 sa tábla seo a leanas.
| 2018 €M |
Iomlán na bhfáltas | 219.3 |
An Post | 12 |
An Ciste Craolacháin | 14.5 |
TG4 | 4.245 |
RTÉ | 188.6 |