Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 January 2021

Wednesday, 13 January 2021

Ceisteanna (1198)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1198. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le forbairt na cé in Inis Oírr; an bhfuil cás gnó maidir leis an gcé curtha chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus, más amhlaidh go bhfuil, cathain a cuireadh ar aghaidh é; cad iad na staidéir a chaithfear a dhéanamh fós sula mbeidh tairiscintí á lorg don togra; cén staid ag a bhfuil na staidéir sin agus cén uair a mheastar go mbeidh siad ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1661/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an Roinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair go leanúnach chun baill chríoch a chur leis an cás gnó i leith Cé Inis Oírr.  Tá leagan don chás gnó faighte ag an Roinn, ach tá ábhar forlíontach fós le theacht.  Ach é seo a bheith curtha ar fáil ag an Chomhairle Chontae, táthar ag súil go mbeadh an cháipéis chríochnúil réidh chun cur faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na míosa.

Nuair a bheidh an cás gnó faofa agus na ceadúnais chuí faighte is féidir dul i mbun tairiscintí a lorg. Níl aon staidéar breise le déanamh ag an tráth seo chun an togra a bhrú chun cinn.

Barr
Roinn