Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghacháin i ndáil le Bord an Údaráis
Faoin socrú reatha maidir le struchtúr Bhord an Údaráis agus faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu cúigear comhalta faoi seach chuig an mbord agus roghnaítear an seachtar comhalta eile tríd comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Ar mhaithe le beart a dhéanamh de réir bhriathar an ghealltanais, rinne an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) comórtas a reáchtáil ar iarratas na Roinne i mí Iúil 2021 i dtreo sainchomhairleoireacht a aimsiú le tabhairt faoin athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta. Bhíothas ag súil leis go bhféadfaí tús a chur leis an athbhreithniú sa tríú ráithe den bhliain agus go gcuirfí i gcrích é laistigh de dhá mhí.
Reáchtáladh an comórtas faoin gcreatlach atá i bhfeidhm ag an OGP do sheirbhísí comhairleoireachta gnó agus bainistíochta. Foilsíodh an cuireadh chun tairisceana (RFT) ar 8 Iúil ach níor cuireadh aon tairiscint isteach don chomórtas seo faoin spriocdháta a bhain leis - an 4 Lúnasa.
Is gá, faoi réir na rialacha lena mbaineann, leasú a dhéanamh ar an gcuireadh chun tairisceana le go bhféadfadh an OGP comórtas nua a reáchtáil faoin gcreatlach. Tá an obair sin idir lámha ag an Roinn faoi láthair i dtreo an OGP a bheith in ann comórtas nua a reáchtáil gan mhoill.