Tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta á fhorbairt ag mo Roinn faoi láthair. Is í aidhm an pholasaí nua seo ná creat a chur ar fáil chun oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. Tá forbairt an pholasaí nua mar ghníomh tosaíochta chun cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Chlár an Rialtais a bhaint amach chun soláthar oideachais don Ghaeilge a neartú.
Bunaíodh grúpa oibre ionrannach laistigh de mo Roinn in 2021 chun an obair thábhachtach seo a chur chun cinn. Beidh an grúpa oibre seo ag díriú ar phróiseas comhairliúcháin a fhorbairt chun rannpháirtíocht fhorleathan na bpáirtithe leasmhara a spreagadh chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas forbartha polasaí. Tá sé i gceist freisin go ndéanfar athbhreithniú ar litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta trí phróiseas tairisceana.
Tá Grúpa Stiúrtha á bhunú freisin chun maoirseacht, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil don phróiseas forbartha polasaí.