Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 May 2023

Tuesday, 23 May 2023

Questions (339, 340)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

339. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú caipitil a caitheadh trí Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach bliana ó 2003. [24513/23]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

340. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar fhorbairt pobal faoi scáth Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach bliana ó 2013. [24514/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 339 and 340 together.

Ní choinníonn an Roinn na taifid stairiúla atá á lorg ag an Theachta seachas na taifid a bhaineann leis an Roinn mar atá ann anois, a bunaíodh i 2020. Foilsíodh iad, áfach sna Leabhair Meastachán agus Cuntais Leithreasa i leith na mblianta éagsúla a leagadh faoi bhráid an Oireachtais go bliantúil.

Léiríonn an tábla thíos an soláthar airgid idir reatha agus caipitil a cuireadh ar fáil do Údarás na Gaeltachta in 2020, 2021, 2022 agus an allúntas do 2023:

Údarás na Gaeltachta

C6 - Reatha Riaracháin

C7 - Reatha (Teangabhunaithe)

C8 – Caipitil

Reatha€

Reatha€

Caipitil€

2020

10.852m [1]

4.250m

18.000m [2]

2021

13.041m [3]

4.750m

16.679m [4]

2022

13.386m [5]

6.000m [6]

15.954m [7]

2023

14.199m

6.750m

14.954m [8]

1. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €1.250m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2020 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.

2. Ceadaíodh maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta mar chuid den Phlean Spreagtha Post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil suas le €8m breise ar fáil don Údarás chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce agus tá sé san áireamh san fhigiúr thuas.

3. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.461m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2021 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.

4. Maidir leis an soláthar caipitil do 2021, tugadh suim de €2.225m nár chaith an Roinn i 2020 ar aghaidh go 2021 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go raibh buiséad iomlán caipitil de €16.679m ar fáil don Údarás i 2021 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear. Chaith an tÚdarás €13.980m don soláthar caipitil (€16.679m) agus tugadh €1.500m ar aghaidh do 2022.

5. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.306m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2022 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.

6. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.250m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2022 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.

7. Maidir leis an soláthar caipitil do 2022, tugadh suim de €1.500m nár chaith an Roinn i 2021 ar aghaidh go 2022 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go raibh buiséad iomlán caipitil de €15.954m ar fáil don Údarás i 2022 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.

8. Maidir leis an soláthar caipitil do 2023, tá suim de €0.500m nár chaith an Roinn i 2022 tugtha ar aghaidh go 2023 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil buiséad iomlán caipitil de €14.954m á chur ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2023 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.

Question No. 340 answered with Question No. 339.
Top
Share