I propose to take Questions Nos. 339 and 340 together.
Ní choinníonn an Roinn na taifid stairiúla atá á lorg ag an Theachta seachas na taifid a bhaineann leis an Roinn mar atá ann anois, a bunaíodh i 2020. Foilsíodh iad, áfach sna Leabhair Meastachán agus Cuntais Leithreasa i leith na mblianta éagsúla a leagadh faoi bhráid an Oireachtais go bliantúil.
Léiríonn an tábla thíos an soláthar airgid idir reatha agus caipitil a cuireadh ar fáil do Údarás na Gaeltachta in 2020, 2021, 2022 agus an allúntas do 2023:
Údarás na Gaeltachta
|
C6 - Reatha Riaracháin
|
C7 - Reatha (Teangabhunaithe)
|
C8 – Caipitil
|
|
Reatha€
|
Reatha€
|
Caipitil€
|
2020
|
10.852m [1]
|
4.250m
|
18.000m [2]
|
2021
|
13.041m [3]
|
4.750m
|
16.679m [4]
|
2022
|
13.386m [5]
|
6.000m [6]
|
15.954m [7]
|
2023
|
14.199m
|
6.750m
|
14.954m [8]
|
1. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €1.250m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2020 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
2. Ceadaíodh maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta mar chuid den Phlean Spreagtha Post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil suas le €8m breise ar fáil don Údarás chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce agus tá sé san áireamh san fhigiúr thuas.
3. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.461m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2021 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
4. Maidir leis an soláthar caipitil do 2021, tugadh suim de €2.225m nár chaith an Roinn i 2020 ar aghaidh go 2021 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go raibh buiséad iomlán caipitil de €16.679m ar fáil don Údarás i 2021 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear. Chaith an tÚdarás €13.980m don soláthar caipitil (€16.679m) agus tugadh €1.500m ar aghaidh do 2022.
5. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.306m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2022 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
6. Fuarthas leithdháileadh reatha breise de €0.250m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2022 agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
7. Maidir leis an soláthar caipitil do 2022, tugadh suim de €1.500m nár chaith an Roinn i 2021 ar aghaidh go 2022 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go raibh buiséad iomlán caipitil de €15.954m ar fáil don Údarás i 2022 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.
8. Maidir leis an soláthar caipitil do 2023, tá suim de €0.500m nár chaith an Roinn i 2022 tugtha ar aghaidh go 2023 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil buiséad iomlán caipitil de €14.954m á chur ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2023 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa fhigiúr a sholáthraítear.