Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 May 2023

Tuesday, 23 May 2023

Questions (341)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

341. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar phleanáil teanga faoi scáth Údarás na Gaeltachta in aghaidh gach bliana ó 2013, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú bliantúil sin de réir limistéar pleanála teanga agus baile seirbhíse Gaeltachta. [24515/23]

View answer

Written answers

Léiríonn na táblaí sa doiciméad ceangailte eolas maidir leis an maoiniú atá íoctha ag Údarás na Gaeltachta le ceanneagraíochtaí pleanála teanga ó 2013 sna 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus sa dá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.

Cuireadh maoiniú ar fáil sa chéad áit le tacú le heagraíochtaí agus le coistí pleananna teanga a ullmhú. Agus na pleananna sin ceadaithe agus na socruithe cuí ina n-áit, cuirtear maoiniú ar fáil do cheanneagraíochtaí pleanála teanga leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm thar tréimhse seacht mbliana.  Faoi láthair is soláthar idir €100,000 agus €150,000 sa mbliain a chuirtear ar fáil do na LPT agus €100,000 do na BSG.

Is fiú a nótáil gur thosaigh ceanneagraíochta pleanála teanga ag feidhmiú pleananna teanga ag amanna éagsúla den bhliain (sé sin taobh amuigh den gnáth bhliain féilire) agus, dá bhrí sin, bíonn an maoiniú a íocann Údarás na Gaeltachta ag brath ar dháta thosach feidhme an phlean teanga agus ar na héilimh ar íocaíochtaí a thagann ó na ceanneagraíochtaí.

Ullmhú Feidhmiú na bPleananna Teanga

Top
Share