Léiríonn na táblaí sa doiciméad ceangailte eolas maidir leis an maoiniú atá íoctha ag Údarás na Gaeltachta le ceanneagraíochtaí pleanála teanga ó 2013 sna 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus sa dá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú.
Cuireadh maoiniú ar fáil sa chéad áit le tacú le heagraíochtaí agus le coistí pleananna teanga a ullmhú. Agus na pleananna sin ceadaithe agus na socruithe cuí ina n-áit, cuirtear maoiniú ar fáil do cheanneagraíochtaí pleanála teanga leis an bplean teanga a chur i bhfeidhm thar tréimhse seacht mbliana. Faoi láthair is soláthar idir €100,000 agus €150,000 sa mbliain a chuirtear ar fáil do na LPT agus €100,000 do na BSG.
Is fiú a nótáil gur thosaigh ceanneagraíochta pleanála teanga ag feidhmiú pleananna teanga ag amanna éagsúla den bhliain (sé sin taobh amuigh den gnáth bhliain féilire) agus, dá bhrí sin, bíonn an maoiniú a íocann Údarás na Gaeltachta ag brath ar dháta thosach feidhme an phlean teanga agus ar na héilimh ar íocaíochtaí a thagann ó na ceanneagraíochtaí.
Ullmhú Feidhmiú na bPleananna Teanga