Maidir le hAlt 10.1B d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, tá mo Roinnse tar éis bheith ag obair leis an ngníomhaireacht atá ar conradh chun 5% den bhuiséad fógraíochta a leithroinnt ar mheáin Ghaeilge, mar a cheanglaítear le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú. Le linn na bhfeachtas tosaigh, thug an ghníomhaireacht roinnt deacrachtaí faoi deara maidir le fardal leordhóthanach meán Gaeilge a dhéanfadh éascaíocht ar an sprioc sin a bhaint amach a bheith ar fáil. Dá ainneoin sin, tá 3.2% san iomlán bainte amach le meáin Ghaeilge go nuige seo, agus tá mo Roinnse ag gabháil i gcónaí d’fheachtais ghníomhacha ar ceart go gcuideoidís leis an gcéatadán sin a ardú.
Cuirfidh mo Roinnse, i gcomhréir le ceanglais dlí, tuarascáil mhionsonraithe ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ngíomhaíocht fógraíochta i nGaeilge i 2023 in am do sprioc Mhárta 2024.