Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 December 2023

Thursday, 14 December 2023

Ceisteanna (396)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

396. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cén céatadán de bhuiséad fógraíochta a Roinne do 2023 atá caite go dtí seo i mbliana ar fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge agus an bhféadfadh sé a dheimhniú go mbainfear amach roimh dheireadh na bliana an céatadán 5% a leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56002/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Maidir le hAlt 10.1B d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, tá mo Roinnse tar éis bheith ag obair leis an ngníomhaireacht atá ar conradh chun 5% den bhuiséad fógraíochta a leithroinnt ar mheáin Ghaeilge, mar a cheanglaítear le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú. Le linn na bhfeachtas tosaigh, thug an ghníomhaireacht roinnt deacrachtaí faoi deara maidir le fardal leordhóthanach meán Gaeilge a dhéanfadh éascaíocht ar an sprioc sin a bhaint amach a bheith ar fáil. Dá ainneoin sin, tá 3.2% san iomlán bainte amach le meáin Ghaeilge go nuige seo, agus tá mo Roinnse ag gabháil i gcónaí d’fheachtais ghníomhacha ar ceart go gcuideoidís leis an gcéatadán sin a ardú.  

Cuirfidh mo Roinnse, i gcomhréir le ceanglais dlí, tuarascáil mhionsonraithe ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ngíomhaíocht fógraíochta i nGaeilge i 2023 in am do sprioc Mhárta 2024.

Barr
Roinn