Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun Churaclaim Nua na hArdteistiméireachta: T1 agus T2 a phlé

1 Jun 2021, 14:16

Déanfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge plé ar Churaclam Nua na hArdteistiméireachta T1 agus T2  ag a chruinniú amárach.

Tosóidh an cruinniú ag 12.30 iarnóin i Seomra na Dála agus beidh an t-ábhar tábhachtach seo á phlé le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gCuraclam Nua, ionas gur féidir linn a chinntiú go mbeidh daoine óga dátheangacha ag teacht amach as an gcóras oideachais tar éis 14 bliana caite sa scoileanna acu. Má táimid i ndáiríre pobal dátheangach a choimeád beo agus a leathnú amach in Éirinn sna glúnta atá romhainn, tá orainn a bheith cinnte go bhfuil an curaclam nua oiriúnach don fheidhm atá leis. Ní leor torthaí acadúla a bhaint amach, mar tá dualgas níos tábhachtaí orainn fós. Tá orainn a dhéanamh cinnte go mbeidh taithí dhearfa ar fáil do dhaltaí agus iad  ag foghlaim a dteanga dúchasach féin. Má chinnteoimid amhlaidh, beidh tionchar i bhfad níos forleithne agus níos fadtéarmaí ag an curaclam nua ar thodhchaí an phobail Éireannaigh.

“Is é an sprioc is tábhachtaí don churaclaim nua, i mo thuairim féin, ná  go mbeidh iardhaltaí a bhfuil fonn orthu Gaeilge a labhairt seachas iardhaltaí atá in ann Gaeilge a labhairt, ag teacht amach as an gcóras oideachais. Is iardhaltaí iad a mbeidh fonn orthu Gaeilge a labhairt, ní hamháin sna scoileanna, ach sa bhaile, ar an tsráid, sa láthair oibre agus ina gcumarsáid laethúil. Go mbeidh an rogha sin acu agus go mbeidh siad díograiseach an rogha sin a ghlacadh agus a éileamh. Mar sin, is soiléir dom nach bhfuil sa churaclam nua ach gné amháin, cé gur gné an-lárnach í, de chur chun chinn an dátheangachais in Éirinn, a bhfuilimid ag súil a bheidh lárnach i straitéis gach rialtas eile as seo amach.”

Le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.

Top
Share