Skip to main content
Normal View

Is buncheart gach uile dalta i scoileanna na hÉireann rochtain a bheith aige nó aici ar chaighdeán T1 sa Ghaeilge

6 Jul 2021, 15:03

Amárach, beidh ionadaithe ó Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ag teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an t-ábhar ‘Curaclam nua na hArdteistiméireachta: T1 agus T2’ a phlé le Comhaltaí an Chomhchoiste. Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 12.30 iarnóin i Seomra na Dála.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is é príomhaidhm mo Chomhchoiste, agus na pleananna i gcomhair an T1 agus an T2 á mbreithniú aige, a chur in iúl don Aire Oideachais, don Roinn Oideachais agus don Rialtas, nach bhfuil ciall dá laghad ann córas déshleasach, atá míchothrom agus ar leathmhaing ón tús, a chur i gcrích. Tá ualach breise ag baint le T1 thar T2, agus mar sin, níl aon tslí chun aitheantas a thabhairt don fhíoras sin ach dámhachtain fiúntais níos mó a bhronnadh ar na daltaí a thugann an dúshlán breise a bhaineann leis.

“Rud a chuireann an-imní orm faoi láthair, is ea an leid atá á dtabhairt dúinn ar an gComhchoiste go mb’fhéidir go mbeidh rochtain ar T1 teoranta do scoileanna sa Ghaeltacht agus do Gaelcholáistí, agus nach gcuirfear T1 ar fáil do dhaltaí i gnáthscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Arís, ní bheadh ciall dá laghad le haon socrú amaideach mar sin. Is buncheart gach dalta in Éirinn rochtain a bheith aige nó aici ar an nGaeilge agus rochtain a bheith aici nó aige ar an nGaeilge is airde caighdeán a theastaíonn uaithi nó uaidh. Má tá aon dalta ag iarraidh caighdeán T1 sa Ghaeilge a bhaint amach, ba chóir don Stát, agus ba chóir dualgas a bheith ar an Stát, gach deis agus cúnamh a thabhairt do na daltaí sin ina gcuid iarrachtaí, beag beann ar an scoil ina bhfuil siad ag freastal. Dualgas nach féidir leis an Aire, leis an Roinn, leis an Rialtas ná leis an Stát a sheachaint is ea é sin a chinntiú do gach uile dalta a bhfuil ag iarraidh é sin a fháil.

“I dteannta an ábhair thuas, tabharfar deis do Thuismitheoirí na Gaeltachta a dtuarascáil ‘Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht: Torthaí – Tuismitheoirí na Gaeltachta – Aibreán 2021’ a phlé le comhaltaí ag an gcruinniú seo.”

Tabhair do d’aire go gcraolfar an cruinniú ar chainéal 1 ó Sheomra Coiste 1 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo.

Top
Share