Skip to main content
Normal View

Todhchaí na gColáistí Gaeilge mar Ghné Lárnach de Gheilleagar na Gaeltachta

13 Jul 2021, 12:25

Amárach, beidh ionadaithe ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (C.O.N.C.O.S.) agus ionadaithe ó Ghael-Linn ag teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an t-ábhar ‘‘Todhchaí na gColáistí Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith’ a phlé le Comhaltaí an Chomhchoiste. Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 12.30 iarnóin i Seomra na Dála.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:“Tá tábhacht ar leith ag baint le na Coláistí Samhraidh a reáchtáiltear gach samhradh ar fud na Gaeltachta, ó Phort Láirge go Dún na nGall. Is cuid lárnach de gheilleagar na Gaeltachta iad, trína a sholáthraítear teacht isteach luachmhar in aghaidh na bliana do na ceantair Gaeltachta.  Soláthraítear teacht isteach rialta (gach samhradh) do na coláistí féin, do na mná tí agus a dteaghlaigh, do na siopaí áitiúla, agus do dhéagóirí áitiúla, a fhaigheann poist mar cheannairí óige sna coláistí féin.

Tá na Coláistí Samhraidh dúnta le dhá bhliain anuas áfach, agus is mór an chaillteanas é do phobal na Gaeltachta. Mar a chéile le haon cheantair tuaithe eile, atá thíos de bharr an choróinvíris, tá ionchas dlisteanach ag na ceantair Gaeltachta, ag na Coláistí Gaeltachta, agus ag na mná tí, agus ag fir thí más ann iad, go dtabharfaidh an Rialtas gach cúnamh is gá dóibh chun a chinntiú go dtiocfaidh siad slán trí ghéarchéim an choróinvíris, agus go mbeidh siad lán-ullamh agus réidh le tosú i gcomhair samhradh 2022.

Ní féidir sin a chinntiú ach an tacú práinneach atá de dhíth orthu a chur ar fáil dóibh láithreach bonn. Cosúil le haon earnáil ghnó agus oideachais eile, ní féidir leo maireachtáil ar an téarnamh atá le teacht. Ní mór dóibh teacht slán tríd an ngéarchéim reatha, agus ní féidir leo sin a dhéanamh gan an tacú ón Rialtas a bhfuil ag dul dóibh.

Is iad na gnéithe éagsúla den tacú sin, agus an tslí is éifeachtaí chun iad a chur i bhfeidhm, a bheidh á bplé amárach ag mo Chomhchoiste agus ag na hionadaithe ó Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (C.O.N.C.O.S.) agus ó Ghael-Linn.”

Tabhair do d’aire go gcraolfar an cruinniú ar chainéal 1 ó Sheomra Coiste 1 ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, breathnaigh ar leathanach gréasáin an Choiste anseo

Top
Share