Skip to main content
Normal View

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge a Fhorbairt agus a Fhás

10 Mar 2022, 15:30

Idir seo agus deireadh na bliana seo, beidh imscrúdú mionsonraithe á dhéanamh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge.

Is iad seo a leanas aidhmeanna an togra seo:

1.       Cad iad na constaicí atá ann agus scríbhneoirí, foilsitheoirí, dáileoirí agus díoltóirí na Gaeilge i mbun a gceirde?

2.      Conas is féidir leis an Rialtas fáil réidh leis na constaicí sin, agus tacaíocht a thabhairt don earnáil thábhachtach seo chun í féin a chaomhnú, a fhorbairt agus a fhás?

3.      Cad iad na hábhair agus na seánraí atá ar fáil do léitheoirí na Gaeilge, idir leabhair, irisí agus tréimhseacháin, agus idir chruachóipeanna agus chóipeanna leictreonacha?

4.      Cad iad na hábhair atá de dhíth ar phobal na Gaeilge?

5.      Conas is féidir le leabharlanna poiblí na n-údarás áitiúil ábhar agus seánraí Gaeilge a chur ar fáil don phobal go feiceálach i ngach leabharlann, seachas iad a bheith ar fáil ar iarraidh amháin?

6.      Conas is féidir leis an Rialtas é seo a chinntiú?

Tá Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, ag iarraidh ar an bpobal, ar léitheoirí na Gaeilge, agus ar na páirtithe leasmhara san earnáil, a dtuairimí agus, go háirithe, a moltaí a leagan faoi bhráid an Chomhchoiste.

Má tá suim agat é sin a dhéanamh, is féidir leat aighneacht scríofa a leagan faoi bhráid an Chomhchoiste idir an 9 Márta agus an 9 Bealtaine 2022 (suas go dtí 12.00 p.m.). Glacfar le gach aighneacht idir na dátaí sin.

Mar go bhfeidhmíonn an Comhchoiste trí mheán na Gaeilge amháin, ba chóir go mbeadh na haighneachtaí as Gaeilge amháin, nó go dátheangach más gá.

Sula leagfar aighneacht faoi bhráid an Chomhchoiste ba chóir don té a leagfaidh í a thabhairt dá aire / dá haire go bhféadfaidh an Comhchoiste an aighneacht agus aon doiciméid eile a sholáthrófar dó a fhoilsiú dá rogha féin.

Ba chóir an aighneacht a leagan faoi bhráid an Chomhchoiste i bhfoirm leictreonach, agus i slí gur féidir ‘gearr agus greamaigh’ a dhéanamh uirthi.

Ba chóir litir chumhdaigh a chur leis an aighneacht féin, ina mbeidh ainm, agus sonraí teagmhála iomlána (ainm an duine, ainm na heagraíochta lena mbaineann, más ann di, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin. Ní ghlacfar le haon aighneacht nach bhfuil ainm an duine agus seoladh an duine, nó an duine agus na heagraíochta lena mbaineann, a bheith iniata leis an aighneacht féin.

Le do thoil, seol d’aighneacht, nó aon cheist atá agat fúithi, chuig Eoghan Ó Cruadhlaoich, Cléireach an Choiste, Tithe an Oireachtais, Ríomhphost: eoghan.ocruadhlaoich@oireachtas.ie.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share