Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh labhairt leis an Aire sula gcuireann sé síneadh ama trí bliana leis an gconradh i leith na seirbhíse poiblí Eircode

11 Dec 2023, 16:00

Tá Comhchoiste na Gaeilge tar éis iarraidh, trí huaire, ar an Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus ar a bhfuil freagrachtaí i dtaca le Beartais Phoist agus le hÉirchóid, An Teachta Dála Jack Chambers, teacht os ár gcomhair agus ár dtuarascáil le déanaí ar an gcóras Eicode a phlé linn  sula gcuireann sé síneadh ama trí bliana leis an gconradh atá ag a Roinn leis an gcomhlacht príobháideach, Eircode / Capita Business Support Services Ireland Limited, i leith na seirbhíse poiblí sin. Is é ‘Eircode agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021’ teideal gearr na tuarascála sin.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Bhí an-díomá ar an gComhchoiste ag a chruinniú ar an 6 Nollaig 2023 nuair a thug sé faoi deara nach raibh aon fhreagra faighte aige ón Aire i dtaobh an nglacfadh sé nó nach nglacfadh sé leis an gcuireadh teacht os ár gcomhair sula gcuireann sé síneadh ama trí bliana leis an gconradh i leith na seirbhíse poiblí Eircode. Mar sin, táimid tar éis an tríú cuireadh, dar dáta 7 Nollaig 2023, a sheoladh chuige, agus táimid tar éis a chur in iúl dó go bhfuilimid sásta, toilteanach agus in ann bualadh leis aon lá agus aon am den lá idir seo agus an Nollaig chun ár dtuarascáil a phlé leis.

“Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tseirbhís poiblí Eircode, agus mar atá léirithe go soiléir againn inár dtuarascáil, tá fadhbanna agus easpaí ann sa tseirbhís phoiblí mar atá sí á soláthar faoi láthair. Níl sí á feidhmiú go dátheangach, agus is é tuairim an Chomhchoiste go dtagann a húsáid de leaganacha Béarla de logainmneacha i gceantair Ghaeltachta salach ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 – 2021.

“Ceapann an Comhchoiste nár chóir don Aire aon síneadh ama a chur leis an gconradh sula labhraíonn sé leis an gComhchoiste faoi, agus nár chóir don Aire aon síneadh ama a chur leis an gconradh gan na fadbhanna agus na heaspaí a bhaineann leis a réiteach. Mar sin, tá súil againn go mbeidh an tAire toilteanach teacht os ár gcomhair roimh an Nollag agus na fadhbanna agus na heaspaí seo a phlé linn roimh ré.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share