Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 21 Jun 1928

Vol. 24 No. 8

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - DROICHEAD DO THOGAILT.

D'fhiafruigh

den Aire Iascaigh an eol dó gur thug tuile chun bealaigh an droichead a bhí treasna na hAibhne Móire idir Baile Uí Mhuinighle, Beannchor Iorruis, agus Baile Ugúil cúpla mí ó shoin; nach dtig le páisdí Bhaile Ugúil dul ar scoil go Baille Uí Mhuinighle ó shoin; nach féidir le muinntir Bhaile Ugúil an abha a sgath ach i mbád, ag teacht chuig Aifrionn an Domhnaigh, ná chuig aonach ná margadh; gur mór a chuireann sin as do mhuintir an bhaile; agus an n-abhrochaidh an tAire go dtóigfear droichead nuadh ann gan mhoill.

Bheinn buidheach de'n Teachta da gcuireadh sé an cheist seo ar áth-ló go dti an tseachtmhain seo chugainn. Tá suil agam go mbeidh an t-eolus agam do um an dtaca san.

Top
Share